Is gníomhaireacht de chuid an AE é an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) a bhfuil sé mar aidhm aici cosaintí na hEorpa i leith galar tógálach a neartú.
Is é misean an ECDC ná bagairtí do shláinte an duine is galair thógálacha is cúis leo a aithint, a mheasúnú agus a chur in iúl. Chun an misean sin a bhaint amach, oibríonn an ECDC i gcomhpháirtíocht leis na comhlachtaí náisiúnta cosanta sláinte ar fud na hEorpa chun córais faireachais agus luathrabhaidh d’ionfhabhtuithe a neartú agus a fhorbairt.
Trí oibriú le saineolaithe ar fud na hEorpa, tiomsaíonn an ECDC eolas na hEorpa ar shláinte d'fhonn tuairimí eolaíocha agus moltaí a fhorbairt faoi na rioscaí a bhaineann le galair thógálacha atá ann i láthair na huaire agus atá ag teacht chun cinn. Cuireann an ECDC le faisnéis agus cumarsáid an Aontais Eorpaigh faoi ghalair thógálacha trí mheán a gcóras faireachais, a bhfoilseachán agus a gcomhoibrithe le húdaráis sláinte ar fud na hEorpa freisin.