Beidh an Lá Eorpach um Fheasacht ar Antaibheathaigh ar siúl ar an 18 Samhain 2009. Is í aidhm an Lae ná deis bhliantúil a chur ar fáil le feasacht an phobail a mhúscailt ar an mbagairt don tsláinte phoiblí atá i gceist le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus ar an gcaoi fhreagrach le hantaibheathaigh a úsáid.
Dearbhaíonn na sonraí is déanaí atá ar fáil go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n othar ionfhabhtaithe le baictéir le frithsheasmhacht ar fud an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ina mórbhagairt don tsláinte phoiblí.
Trí úsáid fhreagrach a bhaint as antaibheathaigh féadtar stop a chur le forbairt baictéar le frithsheasmhacht agus féadtar cabhrú le hantaibheathaigh a choinneáil éifeachtúil agus inúsáidte ag na glúine amach anseo.
Cheana féin, mar thoradh ar fheachtais rathúla um fheasacht an phobail a mhúscailt, tá úsáid níos réasúnaí á baint as antaibheathaigh agus tá laghdú ag teacht ar leibhéil na frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach.